figheadoireacht

Sa phostáil seo, féachaim próiseas figh crios ar an chos a thaisean, fríd Gaedhilg Reachraidh. Chan mise sean-chleaichte aig an figheadoireacht, nó aig an Gaedhilg, mar sin fáilte roimh ceartaidhean. Chan bhfeil anseo ach an méid atá ionnsaighte agam go dtí seo.

1. Snáthan a dheilbhiú

Cur dhá caithir os comhar is 3 méadar ó chéile.

Tóg ceirtlín snátha, agus ceangail ceann an snáth leis an chéad caithir, agus coisigh tiomall an dara chaithir, ar ais chúig an céad caithir. Sin snáth amháin dheilbhithe. Déan aríst é seo nó gon bíodh a h-uile snáth sa dath sin le dheibhiú déanta. Fág 10-15 cm fad an tsnátha breise, gearr é agus ceangal é leis an caithir. Déan arís leis na dathan eile sa phatrún. Cóirigh na snáthan san ord mar a thaispeántar sa phatrún.



2. Na húimhean

Gearr cuta goirid (10-20 cm) de shnáth cadáis. Cas e tiomall snáth amháin, is cur snaidhm ann. Dean aríst e seo nó gon bíodh úim ar h-uile snáth ar taobh amháin. Gearr cuta cadáis eile - giota beag nás faide ná de na cutachan úmhachan. Cas e tiomall an taobh leis na húimhean.



3. An ceairsleog innigh

B'urra leat é seo a chasadh tiomall spál ach fósta, thiocfainn leat "dealan dé" a dheanamh de. Cas an snáth tiomall do bhos roinnt ama. Tog as do lámh é agus cas tuille snáth tiomall go hinghearach. Caithfidh an cuta seo a bheith i bhfad nás faide ná na snáithean deilbheachan.



Ma ritheann tú as snáth innigh, is urran duit ceairsleog eile a dheanamh agus leaniúint ar aghaidh. bhíodh ortsa an sean-cheairsleog agus an ceairsleog nua a usáid le chéile ar feadh cupla piocan. Bha an cairsleog sa phictiúr thuas tiomall dhá uair cho mór leis an méid aig fhéim fá choinne crios 3m.

4. Toiseach an figheadoireacht

Ceangal taobh amháin den deilbh le do chorp (crios nó cibe). Cnap an deilbh leis an teannas a chruthú. dean snaidhm reatha a dhéanamh de agus cur ar do chos í.
In aghaidh le modhan figheadoireachta eile, cha bhfeil féidhm ag an teannas a bheith cothrom. B'urra leat teannas na hoibre a shocracht i ndiadh pioc fighte agad, ma's éigin duit.
Caithfidh an teannas a bheith reasunta teann, ach ná déan e cho teann nó go bhfeil seans ann gon mbrís na snáithean.

Tóg bioran-fhiaclan nó snáthad thanaí cniotala agus leag í ar na snáithean gan úimhean, faoi na snáithean leis na húimhean.


5. An ceairsleog a fheisteadh
Pioc suas an snáth atá suite ar an dheis ar fad, ar an sraith deilibhe íochtarach (sraith gan úimhean). Cur e ar an chorrmhéar. Cnap an chéad snáth eile (ar an tsraith le úimhean) anuas do do pionna fada/mhéar meadhon. Pioc suas an chéad snáth eile ón deilibhe íochtarach, agus lean ar aghaidh chun an deireadh.

Cur bioran-fhiaclan eile istoigh sa scoilt nua atá deanta agad, in áit do chorrmhéar.  Tarraing aníos leis na húimhean ar fad, nó go bhfeil an bioran feistithe. Déan aris e seo nó go bhfeil ceithre bioran feistithe sa deilibh. Cnap ar na bioranan chun giota beag leis iad a dhéanamh nás comhthroime is slachtmhar.

Anois - ghní tú an rud chéanna aríst, ach an uair seo, in áit an bioran a chur isteach, cas fríd an cheairsleog, ag fhágail iorball 10-15 cm breise. Ansin, phioc suas na snáthan eile, agus cas fríd an ceairsleog, ag fágail lúb beag ar an dara thaobh (i.e. figh pioc). Sula leanann tú ar aghaidh áfach, tóg an ioraball breise, agus cas e fríd an bealach eile. Bhíodh dhá lúban, aon ar h-uile taobh.

Figh pioc eile -tarraing aníos an chéad sraith snátha eile. Cnap ar snáithean na ceairsleoige nó go n-imionn na lúban as radharc.


Aig an bpointe seo, thiocfainn leat leithead an crios agus teannas na snáithean a shocrú.


6. Aig figheadoireacht

Cas fríd an ceairsleog, fág lúb beag i do dhiaidh.
Phioc suas an chéad sraith eile. Cnap ar an snáth go héadtrom leis an lúb a tharraing fríd an crios - bí curamach nach n-athrochaidh tú an teannas.

Aig fhigh an chéad phioc:
  • Snáithean leis na huimhean ar an bharr.
  • Cas an snáth innigh fríd an scoilt eadar an dhá sráithean
  • Pioc suas an chéad snáth ar an sraith íochtair
  • Caith anuas an chéad snáth eile, ar an straith uachtarach
  • déan aríst seo: pioc suas, caith uait - go dtí an deireadh
Aig fhigh an dara pioc:
  • Cas an snáth innigh fríd an scoilt
  • tarraing suas ar na snáithean úimhe, leis an scoilt a athraigh
  • figh an chéad phioc aríst




Déan aríst seo.

7. An deireadh

Gearr cuta de shnáth nás tanaí ná an snáth innigh (snáth cróise, mar shampla). Fill ina dhá leath é - caithfidh an cuta seo bheith nás faide na leithead an chreasa.

Cur an snáth dúbailte seo fríd an scoilt leis an ceairsleog. Bíodh dhá lúb ar aon taobh agad.

Figh pioc, ach fág lúb an snáth tanaí foscailte.

Déan an rud chéanna leis an dhá snáithean tanaí eile. Bhíodh 3 lúban ann ag an deireadh.

Figh pioc eile agus ansin gearr snáth an ceairsleog, ag fhágail iorball 15-20 cm.
Cur an iorball seo fríd an lúb is gaire. Cnap ar an shnáth tanaí leis an inneach a tharraingt istoigh fríd an críos.

Déan aríst seo fá dhó, agus ansin bídh an crios fá ghlas.

Tagairtí








Comments

Popular posts from this blog

A Rathlin Folktale

Introduction